Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Tragóid a tharla dona h-iascairí in 1929:- Bád a chaill triúr as Clann Uí Cholla agus tháinig duine amháin slán. Thiomáin soitheach mór fríd an bhád bheag agus rinne dhá cuid di. Deirtear gur bhfuair an fear a tháinig slán comhartha roimh ré; cearc le scairt coiligh a bhí ann. | 00:11:22 | |
1930:- Cailleadh bád bradán i nGaoth Dobhair de chlann Éamoinn Bháin (Mac Suibhne) as Gabhla. | 00:04:50 | |
An Stolwyk- Soitheach mór a cailleadh ar an chósta in 1940. Bhí sí ag iompair lasta mór cruach (steel). | 00:08:43 | |
Rása Na bhFear Dubh:- Soitheach Sasanach a bhris ag taobh na scoile in 1940. Ag iompar an phoist a bhí sí. | 00:05:30 | |
“Volunteer Of Saint Johns”:- Soitheach éadaigh a cailleadh agus lasta adhmaid a iompair aici. | 00:04:13 | |